Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cathaoir Rothaí Trá do Chnoc an Mharmair

Cathaoir Rothaí Trá le haghaidh Chnoc an Mharmair

 

Marble Hill Beach Wheelchair 1

An Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach, ag nochtadh cathaoir rothaí úr trá

ag Cnoc an Mharmair Dé Máirt an tseachtain seo,

a bhuí le flaithiúlacht an Chiste Cuimhneacháin 5K Órla,

i gcomhar le Sinéad Trearty, Mícheál Mac Gairbheith, Comhairle Contae Dhún na nGall,

An Clr. Adrian Glackin, Carolynne Harrison, Óstán an Shandon,

Gert Eksteen, Óstán an Shandon, David Friel, Comhairle Contae Dhún na nGall,

Bryan Cannon, Comhairle Contae Dhún na nGall

agus teaghlach agus cairde Órla bheag.

 

 

Cathaoir rothaí úr nochta le haghaidh Chnoc an Mharmair

 

Nochtadh cathaoir rothaí úr trá Dé Máirt an tseachtain seo i gCnoc an Mharmair a bhuí le flaithiúlacht Chiste Cuimhneacháin 5K Órla.

 

Marble Hill Beach Wheelchair 6

Sinéad Trearty ag caint thar ceann Chiste Cuimhneacháin 5K Órla

ag nochtadh na cathaoireach rothaí úire trá i gCnoc an Mharmair

Dé Máirt na seachtaine seo

 

Agus í ag caint ag an ócáid ghabh Sinéad Trearty, máthair Órla Bheag a cailleadh chóir a bheith deich mbliana ó shin nuair nach raibh sí ach aon bhliain amháin d’aois, ghabh sí buíochas leis na daoine a thacaigh le Ciste Cuimhneacháin 5K Órla le blianta anuas, ag rá go bhfuil “breis agus €60,000 tiomsaithe againn chun cuidiú le fondúireacht pháistí Jack agus Jill, Iontaobhas Jennifer le haghaidh SMA agus seirbhísí áitiúla fisiteiripe péidiatraiceacha. Tá lúcháir orainn anois urraíocht a dhéanamh ar an chathaoir rothaí trá go trá Chnoc an Mharmair agus tá súil againn go gcuideoidh sé leo siúd a bhfuil deacrachtaí gluaiseachta acu dul chomh fada leis an trá agus an timpeallacht thart uirthi. Cailleadh Órla chóir a bheith deich mbliana ó shin agus tá a fhios agam go mbeadh lúcháir uirthi é seo a fheiceáil ag tarlú”.

 

Ghabh sí buíochas fosta le Comhairle Contae Dhún na nGall as tacú leis an togra seo agus le hÓstán an Shandon as a gcuidiú chun áit a sholáthar leis an chathaoir rothaí a choinneáil slán.

 

Ghabh an Cathaoirleach, an Clr. Gerry McMonagle buíochas le Sinéad agus le Ciste Cuimhneacháin 5K Órla as an bhronntanas iontach seo agus seo an méid a dúirt sé, “ar lá mar seo inniu nuair a bhíonn an ghrian ag soilsiú agus muid uilig ag baint sult as an aimsir bhreá shamhraidh, déanann muid talamh slán de go dtig le gach duine dul go dtí an trá.  Ach ní hamhlaidh atá an scéal in achan chás.   Ar an drochuair, má tá deacrachtaí gluaiseachta agat nó más úsáideoir cathaoir rothaí thú, ní bhíonn rogha agat sult a bhaint as an trá.   Ach inniu, leis an bhronntanas iontach seo ó Shinéad agus óna teaghlach agus ó Chiste Cuimhneacháin 5K Órla, beidh siad siúd a bhfuil cathaoir rothaí de dhíth orthu, nó a bhfuil deacrachtaí gluaiseachta acu, in ann cuairt a thabhairt ar thrá Chnoc an Mharmair agus sult a bhaint as ceann de na háiteanna is áille i nDún na nGall.  Is dóigh iontach deas é seo le cuimhneamh ar Órla Bheag.”

 

Labhair Mícheál Mac Gairbheith, Stiúrthóir Seirbhíse, ag an searmanas nochta fosta agus ghabh sé buíochas le Sinéad agus le Ciste Cuimhneacháin 5K Órla as an deonúchán iontach seo agus le hÓstán an Shandon as a bheith toilteanach an chathaoir a choinneáil agus cuidiú le daoine an chathaoir a thabhairt amach. 

 

 

Marble Hill Beach Wheelchair 2

An Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach, ag nochtadh cathaoir rothaí úr trá ag Cnoc an Mharmair

Dé Máirt an tseachtain seo, a bhuí le flaithiúlacht an Chiste Cuimhneacháin 5K Órla,

i gcomhar le Sinéad Trearty, Mícheál Mac Gairbheith, Comhairle Contae Dhún na nGall,

An Clr. Adrian Glackin, Carolynne Harrison, Óstán an Shandon, Gert Eksteen, Óstán an Shandon,

David Friel, Comhairle Contae Dhún na nGall, Bryan Cannon, Comhairle Contae Dhún na nGall 

agus teaghlach agus cairde Órla bheag.

 

 

Is é seo an ceathrú cathaoir rothaí trá atá ar fáil i nDún na nGall anois, leis na cinn eile ar fáil i Ráth Maoláin, na Dúnaibh agus Carraig Fhinn.

 

Más mian leat an chathaoir rothaí a chur in áirithe ag Cnoc an Mharmair níl le déanamh ach dul i dteagmháil le hÓstán an Shandon ar 074 91 36137.

 

Is féidir na cathaoireacha rothaí trá a chur in áirithe i Ráth Maoláin trí scairt a chur ar Aengus Kennedy ar (086) 812 3019, Na Dúnaibh trí scairt a chur ar Choiste Bailte Slachtmhara na nDúnaibh ar (087) 6152351 agus i gCarraig Fhinn trí theagmháil a dhéanamh le hAerfort Dhún na nGall ar (074) 95 48284.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO