Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Bunanna Toitín Bun Dobhráin

Vótáil le Bunanna Toitíní i mBun Dobhráin

Ballot Box

Ceann de na Boscaí Bruscair Ballóide atá curtha ar fáil ar an phríomh-thrá i mBun Dobhráin.

 

Táthar ag iarraidh lucht caite tobac i mBun Dobhráin vótáil lena mbunanna toitín i ndiaidh gur cuireadh isteach dhá ‘bhosca bruscair ballóide’ úr cois farraige.

 

Is togra comhpháirtíochta é seo idir Comhairle Contae Dhún na nGall, Coiste Bailte Slachtmhara Bhun Dobhráin agus Cuir Aithne ar Bhun Dobhráin i gcomhar le Cóstaí Glana, agus é de chuspóir acu seo uilig go mbeadh níos lú bunanna toitín a fheiceáil ar an trá agus insan bhaile é féin. Léirigh roinnt staitisticí gurb iad bunanna toitín an mhír bhruscair is mó a fhaightear ar thránna ar fud 190 tír le linn lá glantacháin idirnáisiúnta ar na mallaibh. Lena chois sin, is féidir le ceimicí sileadh amach ó aon bhun toitín amháin agus suas le 7.5 lítir uisce a thruailliú laistigh d’uair an chloig.

 

Tá dhá ghabhdán le haghaidh bunanna toitín sna boscaí seo, a bhfuil dath buí geal orthu. Os cionn na mboscaí tá ballóid – ar a mbeidh dhá rogha. Nuair atá daoine ag fáil réidh lena mbun toitín is féidir leo ‘vótáil’ fá choinne ceann amháin den dá rogha leis an bhun sin. Beidh topaicí spraíúla i gceist, ar nós ‘Tae v Caife’, ‘Poirot v Sherlock Holmes’ etc.

 

Tá David Friel, an tOifigeach Cósta le Comhairle Contae Dhún na nGall, ag tacú go huile is go hiomlán leis an togra: “Tá lúcháir orainn tacú le Coiste Bailte Slachtmhara Bhun Dobhráin sa togra speisialta seo, agus tá súil againn go gcuideoidh sé le líon na mbunanna toitín a laghdú ar an trá agus san fharraige mhór. Glacann sé 12 bhliain ar bhun toitín briseadh síos agus níl siad in’bhithmhillte. Bhailigh na foirne s’againne na mílte díobh ón trá i mBun Dobhráin anuraidh, agus tá siad ag déanamh dochar don phlainéad. Tá súil againn go spreagfaidh na boscaí ballóide seo lucht caite tobac fáil réidh lena mbunanna toitín ar dhóigh cheart agus giota spraoi a bheith acu chomh maith.’

 

Agus dúirt Shane Smyth, Oifigeach Turasóireachta Bhun Dobhráin: ‘ba mhaith linn go mbeadh timpeallacht ghlan fháiltiúil ar fáil do gach duine a thugann cuairt ar Bhun Dobhráin. Bhainfeadh na staitisticí maidir le bunanna toitín stangadh asat, agus tá súil againn go dtig linn cuidiú beag a thabhairt tríd na Boscaí Bruscair Ballóide, chun iad a stopadh ó bheith ag dul isteach sna huiscí atá againn.Is bruscar iad bunanna toitín a chaitear ar an trá nó ar an tsráid – go díreach mar an gcéanna le páipéar ó mhilseán a chaitheamh ar an talamh. Tá siad ag déanamh dochair don timpeallacht agus caithfidh gach duine againn gníomhú le í a choinneáil glan”.

 

Tá fáilte roimh mholtaí ón phobal maidir leis na ballóidí don samhradh. Iad siúd a roghnófar, gheobhaidh na daoine a mhol iad duais, a bhuí le Cóstaí Glana, amhail pinn, mugaí, cupaí coinneála agus tuáillí. Is féidir moltaí do na ballóidí a dhéanamh via www.discoverbundoran.com/tidy-towns-bundoran

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO