Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Bróisiúr Turasóireachta 2018

Bróisiúr úr Turasóireachta seolta do Dhún na nGall

Donegal Tourism Brochure launch

 

Séamus Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus Gerry McMonagle Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Trúipéirí Ionsaithe Star Wars ag seoladh Bróisiúr úr Turasóireachta Dhún na nGall i dTeach an Chontae, Leifear, maidin Dé Luain.  

 

Seoladh Bróisiúr úr Turasóireachta Dhún na ngall 2018 i dTeach an Chontae, Leifear, maidin De Luain agus tá gach eolas riachtanach fá dtaobh de Dhún na nGall le fáil san fhoilseachán seo.  

 

Beidh beirt Trúipéirí de chuid Star Wars i láthair chomh maith, iad faoi lán-éide, le fáilte a chur roimh Chomhairleoirí agus roimh aíonna eile.  

 

Dúirt Séamus Mac Conghaola, atá ina Chathaoirleach ar Thurasóireacht Dhún na nGall chomh maith, go bhfuil blaiseadh maith de na háiseanna turasóireachta ar fad atá againn sa chontae le fáil sa bhróisiúr, agus go bhfuil íomhánna iontacha ann de Dhún na nGall don chuairteoir, chomh maith le heolas faoi ghníomhaíochtaí, áiteanna díol suntais agus seirbhísí. 

 

Tá 60 leathanach ar fad sa bhróisiúr agus scaiptear breis agus 20,000 cóip gach bliain ar fud na hÉireann, na Ríochta Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá, na Fraince agus na Gearmáine.  

 

Úsáideann an bróisiúr breis agus daichead téama agus ceannteidil do ghníomhaíochtaí a mbíonn ráchairt mhór orthu, ar nós surfáil, galf agus iascaireacht; go dtí áiseanna agus acmhainní ar nós táirgí áitiúla, na hoileáin, an Ghaeltacht, agus féilte, chun cuidiú leis an léitheoir a gcuairt a phleanáil.  

 

Tá eilimintí úra curtha leis an bhróisiúr, amhail liosta níos faide de shiúlóidí sa chontae, rogha d’ochtó siúlóidí ina measc, rotharbhealach nuashonraithe, gníomhaíochtaí breise – ar tír agus ar muir, agus fócas ar na Gealáin Thuaidh agus ar an turasóireacht scannáin, ag éirí as teacht Star Wars go Ceann Mhálanna.

 

D’fháiltigh Cathaoirleach na Comhairle, An Clr. Gerry McMonagle roimh sheoladh an bhróisiúir. Dúirt sé go raibh sé ina phléisiúr aige an infheistíocht ama agus oibre atá déanta ag Turasóireacht Dhún na nGall le Dún na nGall a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. “Is áit iontach í Dún na nGall mar cheann scríbe saoire le haghaidh cuairteoirí agus turasóirí, agus is áit iontach í fosta le bheith ag obair ann agus le cónaí ann’ ar seisean.

 

Tá sé cinn de bhealtaí cuairteora ar fáil sa bhróisiúr do na réigiúin éagsúla sa chontae, chomh maith le Slí an Atlantaigh Fhiáin a bhfuil cuid mhór cuairteoirí meallta chuige. 

 

Ghabh Bearnaí Mac Lochlainn, Ceannasaí Turasóireachta le Comhairle Contae Dhún na nGall, buíochas leis na daoine a chuir íomhánna iontacha ar fáil saor in aisce don bhróisiúr.   

 

Le tuilleadh eolais a fháil faoin bhróisiúr nó le cóip a íoslódáil gabh chuig: www.govisitdonegal.com . 

 

 

 

 

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO