Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Brí agus Beocht i mBun Dobhráin

Brí agus Beocht i mBun Dobhráin

Bundoran Carnival Weekend

 

Tá brí agus beocht i ndán do Bhun Dobhráin le linn féile dheireadh seachtaine an tsamhraidh (19-20 Iúil) nuair a bheas mórthaispeántas tinte ealaíne ar an Phríomh-Thrá oíche Shathairn - an chéad cheann le blianta fada sa bhaile cois farraige.  

 

Agus níl anseo ach ceann amháin de na himeachtaí spleodracha atá beartaithe d'Fhéile Samhraidh Bhun Dobhráin,.atá á óstáil ag Páirc Eachtraíochta Bhun Dobhráin i gcomhar le 'Cuir Aithne ar Bhun Dobhráin'. 

 

Tá atmaisféar spraíúil, teaghlach-chairdiúil geallta agus beidh rud éigin ann don teaghlach uilig idir sheónna puipéid, seónna draíochta, ceardlanna ar scileanna sorcais do pháistí, comórtais déanta caisleán gainimh, péinteáil aghaidheanna, múnlú balúin agus go leor eile.  

 

Mar chuid de cheilúradh an deireadh seachtaine beidh Comórtas Taibheoir Sráide ar siúl tráthnóna Dé Sathairn (19 Iúil), áit a mbeidh fáilte roimh thaispeántais sráide ó achan chearn den tír chun páirt a ghlacadh sa chomórtas seo arb é is cuspóir leis siamsaíocht a chur ar fáil do na sluaite ar shráideanna Bhun Dobhráin - tá duaischiste de €1000 urraithe ag Páirc Eachtraíochta Bhun Dobhráin. Clárú ar an suíomh idirlín thíos.  

 

Is é mór-imeacht an deireadh seachtaine, gan amhras, ná an mórthaispeántas tinte ealaíne a bheas ar siúl ar an Phríomh-Thrá go díreach i ndiaidh luí na gréine (thart fá 10pm) Dé Sathairn 19 Iúil.  Urraithe ag Cuir Aithne ar Bhun Dobhráin, lasfar spéir na hoíche agus fuaimrian spleodrach ag gabháil - an chéad taispeántas dá chineál sa bhaile le blianta fada.  

 

Agus ná déan dearmad go mbeidh an comórtas déanta caisleán gainimh Dé Domhnaigh ar an Phríomh-Thrá. Beidh Nemo an Draoidóir i mbun draíochta i bPáirc Eachtraíochta Bhun Dobhráin, agus go leor imeachtaí ar siúl do pháistí chomh maith, an phéintéail aghaidheanna ina measc. Ansin don tráthnóna díreofar aird ar Pháirc Miondíola Bhun Dobhráin mar a mbeidh Féile ar an Imeall ar siúl, ar a n-áirítear aonach ceardaíochta, bia ceardaí, taibheoirí sráide agus go leor eile.  

 

Seo mar a labhair Michelle Wilmot ó Pháirc Eachtraíochta Bhun Dobhráin faoin fhéile 'tá muid ag súil le hatmaisféar breá féiltiúil a chruthú i mBun Dobhráin le linn an deireadh seachtaine idir 19 agus 20 Iúil. 

 

'Beidh cuid mhór gníomhaíochtaí spleodracha a thig le páistí agus teaghlaigh a dhéanamh i rith an deireadh seachtaine ar fad ar nós ceardlanna, seónna puipéid, taibheoirí sráide agus go leor eile. Beidh dhá lá den chéad scoth againn!'  

 

Tá na sonraí ar fad, agus cláracha ama, ar fáil ar www.discoverbundoran.com agus www.bundoranadventurepark.com  

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO