Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Bailte Slachtmhara

Comhghairdeas ón Chathaoirleach le Coistí Bailte Slachtmhara

Seamus O Domhnaill

An Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall

 

Rinne An Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, comhghairdeas le Coistí Bailte Slachtmhara ar fud Dhún na nGall as a gcuid iontálacha i gComórtais Bhailte Slachtmhara na bliana seo, arna urrú ag Supervalu.

 

Fógraíodh torthaí Chomórtas Bailte Slachtmhara Supervalu 2018 Dé Luain agus bronnadh Boinn Óir ar Bhun Cranncha agus ar Leitir Ceanainn sna catagóirí ina raibh siad, agus Boinn Chré-Umha ar Charraig Airt, na Gleannta agus Málainn sna catagóirí éagsúla ina raibh siadsan. 

 

Ba é Leitir Ceanainn príomhbhuaiteoir an Chontae, thug na moltóirí ardmholadh do Bhun Cranncha, agus tugadh moladh fosta do Charraig Airt.

 

Bronnadh Gradam Díchill ar an Mhachaire i gCeantar Bardais na nGleanntach as 11 phointe níos mó a shaothrú i mbliana agus bronnadh Gradam Pailneoirí na nÚdarás Áitiúil - Bímis ag Dordán ar Bhun Cranncha as an obair iontach atá déanta acu leis an bhithéagsúlacht a chur chun cinn agus as cur le líon na mbeach ina gceantar féin.

 

Tugadh ardmholadh do Chaitríona Crossan as Ráth Bhoth mar Laoch Pobail.

 

“Tá lúcháir orm go bhfuil aitheantas á fháil ag na coistí seo i gcomórtas náisiúnta Supervalu na mBailte Slachtmhara.  Tríd an obair a dhéanaim mar Chomhairleoir tchím le mo shúile féin an obair mhór a dhéanann na coistí ar fud Dhún na nGall, agus is ardmholadh den scoth dóibh siúd ar fad a bhain gradam agus aitheantas amach ag an leibhéal náisiúnta” a dúirt an Clr. Ó Domhnaill.

 

Agus ar seisean fosta “Tá Comhairle Contae Dhún na nGall tiomanta go huile is go hiomlán chun tacú leis an obair iontach atá á déanamh ag oibrithe deonacha ar fud Dhún na nGall.  Oibríonn foireann bainistíochta bruscair na Comhairle ar bhonn leanúnach leis na pobail áitiúla chun dul i ngleic le fadhb an bhruscair agus na dumpála mídhleathaí, agus d’éirigh thar barr linn sa réimse seo le roinnt blianta anuas.  Tá na mílte oibrí pobail ag obair i gcomhpháirt linn lenár mbailte agus lenár sráidbhailte, agus fiú lenár gceantracha tuaithe, a choinneáil glan agus saor ó bhruscar, agus sílim go bhfuil sé an-tábhachtach go dtugtar aitheantas agus ardmholadh don obair a dhéanann na laochra ciúine seo.”

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO