Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Bailiúchán na Scol

Leabhrán saor in aisce ar Bhailiúchán na Scol ó na 1930aidí

Free Booklet on 1930s Schools’ Folklore Collection

Clúdach an leabhráin Scéaltaí: saor in aisce, méid A5, 56 leathanach An leabhran ar Bhailiúchán Lámhscríbhinní na Scol i gContae Dhún na nGall ó na 1930aidi a sheolfar i Scoil Náisiúnta na Dubhaise, Bealach Féich, Dé Máirt, 9 Deireadh Fómhair ar 7.30pm.

 

Tá Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall, ag reáchtáil ócáid seolta ar leabhrán saor in aisce dar teideal ‘Scéaltaí’.: Bailiúchán Lámhscríbhinní na Scol i gContae Dhún na nGall ó na 1930aidi i Scoil Náisiúnta na Dubhaise, Bóthar Ghleann Fhinne, Bealach Féich, Dé Máirt, 9 Deireadh Fómhair ar 7.30pm.

 

“Tugann an leabhrán ‘Scéaltaí’ léargas iontach ar shaol na ndaoine, ar an chultúr ábhartha, ar oidhreacht agus ar bhéaloideas Chontae Dhún na nGall sna 1930aidí” a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.  “In 1937, thug Coimisiún Béaloideasa Éireann isteach scéim, i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Cumann Múinteoirí Éireann, faoi scéim réabhlóideach inar spreagadh páistí scoile scéalta béaloidis, cultúr ábhartha, oidhreacht agus agus stair áitiúil a bhailiú agus a dhoiciméadú.  Le linn tréimhse ocht mí dhéag, spreagadh os cionn 50,000 páiste i 5,000 bunscoil sna sé chontae is fiche le hábhar béaloidis a bhailiú ina gceantracha féin bunaithe ar théamaí amhail stair áitiúil agus séadchomharthaí, seanscéaltaí agus fabhalscéaltaí, tomhais agus seanfhoclaí, amhráin, nósanna agus creidimh, cluichí agus caithimh aimsire, cleachtais thraidisiúnta oibre agus ceardaíochta.  Mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, coimisiúnaíodh an Cr. Eithne Ní Ghallchobhair le taighde a dhéanamh agus an leabhrán saor in aisce seo, méid A5, 56 leathanach, a scríobh. Tá sé ar an cheathrú leabhar i ‘Sraith Oidhreachta Dhún na nGall’ atá á fhoilsiú ag Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar leis an Chomhairle Oidhreachta.

 

 Scealtai 1

Léarscáil ag taispeáint an tsuímh ar a raibh Seanscoil Náisiúnta na Dubhaise taobh le Bealach Féich agus suíomhanna oidhreachta sa cheantar ó Bhailiúchán Béaloideasa na Scol (a bhuí leis an Bhailiúchán Náisiúnta Béaloideasa).

 

“Is seoid náisiúnta é Bailiúchán Lámhscríbhinní na Scol, tá sé speisialta amach is amach i dtaca leis an ábhar atá bailithe agus an dóigh ar bailíodh é,” a dúirt an t-údar Eighne Ní Ghallchobhair.  “Ar leibhéal náisiúnta, is fiú go mór a rá cé gur ag an leibhéal is airde riarachán a rinneadh an togra iontach rathúil seo a chomhordú, is ag an leibhéal an phobail a rinneadh an obair, ag páistí na tíre.  Tá Bailiúchán Lámhscríbhinní na Scol é féin ar an ómós níos fearr is féidir a thabhairt do na páistí sin agus do na múinteoirí sin a d’oibrigh go diandícheallach dúthrachtach díograiseach lena chinntiú gur éirigh go hiontach leis an scéim.  Is le peann agus pár a rinne na páistí an obair seo, agus cuireann sin go mór le tábhacht an Bhailiúcháin Lámhscríbhínní mar sheoid agus mar áis ag achan duine a bhfuil spéis acu in oidhreacht agus i dtraidisiúin bhéil na hÉireann.”  Is as Ard an Rátha ó dhúchas Eithne Ní Ghallchobhair, údar an leabhráin, agus bhí sí ina Eagarthóir Cúnta ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge le hAcadamh Ríoga na hÉireann chomh maith le bheith ina údar páistí agus scéalaí.

 

Is é an Dr. Críostóir Mac Cárthaigh, Stiúrthóir an Bhailiúcháin Náisiúnta Béaloideasa, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, a sheolfaidh an leabhrán.  Tá an Bailiúchán Náisiúnta Béaloideas i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, aitheanta mar cheann de na cartlanna is mó den traidisiún béil agus stair chultúrtha san Eoraip, agus inscríobhadh é in 2017 i mBailiúchán Cuimhní an Domhain de chuid UNESCO.  Tá an chartlann tiomanta leis an bhéaloideas agus nósanna na ndaoine in ach phobal Éireannach a bhailiú agus a dhoiciméadú.  Is féidir Bailiúchán na Scol ó na scoileanna a ghlac páirt sa scéim i gContae Dhún na nGall a fheiceáil ar líne anois ar www.duchas.ie

 

Scealtai 2

Comharthaí drochaimsire a taifeadadh i mBailiúchán na Scol fá choinne Scoil Náisiúnta Naomh Boden, Cúil Dabhcha, Inis Eoghain (a bhuí leis an Bhailiúchán Náisiúnta Béaloideasa).

 

Beidh an Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, i láthair ag an seoladh chomh maith.  Beidh cóipeanna den leabhrán saor in aisce seo ar fáil ag an seoladh agus cuirfear ar fáil do na scoileanna iad trí Ionad Oideachais Dhún na nGall.  Tá an seoladh seo oscailte don phobal agus tá fáilte roimh achan duine a bheith i láthair.  Beidh sóláistí ar fáil.  Más mian leat a bheith i láthair, buíoch duit teagmháil a dhéanamh le Músaem Contae Dhún na nGall ar  (074) 912 4613  onó [email protected]

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO