Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > An tAire Ó Murchú sa chontae

An tAire Ó Murchú ag oscailt Scéimeanna Tithíochta Sóisialta i nDún na nGall

Tá an tAire Ó Murchú le Scéimeanna úra Tithíochta Sóisialta a oscailt go hoifigiúil i nDún na nGall inniu.

 Newtown Social Housing

An tEastát nua ag Páirc an Chaisleáin ar an Bhaile Nua, a dhéanfaidh an tAire Ó Murchú a oscailt go hoifigiúil níos moille inniu.

 

Beidh an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Ó Murchú TD i nDún na nGall inniu le ceithre cinn de scéimeanna úra tithíochta sóisialta a oscailt go hoifigiúil, tograí arb ionann iad agus infheistíocht iomlán de €23m sa soláthar tithíochta sóisialta i nDún na nGall faoin Chlár um Atógáil na hÉireann.

 

Agus é ag caint roimh an oscailt oifigiúil dúirt an tAire: “Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu i nDún na nGall leis an obair iontach atá ar bun ag an Chomhairle a fheiceáil chun tithe sóisialta úra a chur ar fáil fríd a gclár tógála féin agus i gcomhpháirtíocht le forbróirí príobháideacha sa scéim lándéanta agus le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta. Beidh mé ag tiontú an fhóid ar dhá scéim tógála, agus beidh mé ag déanamh oscailt oifigiúil ag ceithre cinn eile de scéimeanna tithíochta sóisialta in áiteanna éagsúla ar fud an chontae. San iomlán, tá 115 teach úr d’ardchaighdeán á sholáthar chun freastal ar na héilimh éagsúla tithíochta atá ag teacht chun cinn i nDún na nGall. Fáilteofar, gan amhras, roimh an soláthar breise seo don stoc tithíochta sóisialta i nDún na nGall. Léiríonn na scéimeanna seo cad é a thig le Comhairle Contae Dhún na nGall, agus údaráis áitiúla eile, a dhéanamh chun tithe d’ardchaighdeán a sholáthar leis an mhaoiniú atá ar fáil mar thacaíocht faoi Atógáil na hÉireann.” 

 

Osclófar scéimeanna úra tithíochta sóisialta i Srath an Urláir, An Baile Nua, Mainéar Uí Chuinneagáin agus An Chraobh (Smith) Leitir Ceanainn, agus tiontófar fóid ag suíomhanna i mBaile Dhún na nGall agus ar an Lána Fada, Leitir Ceanainn.  

 

Tá tionóntaí i ndiaidh bogadh isteach ina dtithe úra i Srath an Urláir agus ar an Bhaile Nua, mar a bhfuil 100 duine ag cur fúthu iontu cheana féin agus tá tairiscintí déanta le seachtain anuas maidir leis na tithe úra i Mainéar Uí Chuinneagáin agus Leitir Ceanainn.

 

“Níl Clár Tithíochta Sóisialta Chomhairle Contae Dhún na nGall ach ina thús” a mhínigh Joe Peoples, An Stiúrthóir Seirbhísí Tithíochta, Corparáide agus Cultúir le Comhairle Contae Dhún na nGall.  

 

“Tá sé beartaithe faoi Chlár Tógála Tithíochta na Comhairle 298 aonad tithíochta sóisialta a sholáthar sa dá nó sna trí bliana amach romhainn, rud arb ionann é agus infheistíocht de bhreis agus €50 milliún. Beidh na tograí seo a leanas ag teacht ar an saol ar bhancanna tailte na Comhairle le linn 2019: na Cealla Beaga, An Lána Fada i Leitir Ceanainn, Baile Dhún na nGall, Baile Suingean, Ráth Bhoth, Málainn, agus Bun Cranncha. Tá tograí breise beartaithe le haghaidh Bhaile Dhún na nGall, Bun Dobhráin, Bun Cranncha, Dún Fionnachaidh agus Leitir Ceanainn. Tá an Chomhairle ag leanstan leo ag obair chun bancanna tailte fóirsteanach a aimsiú ar fud an Chontae chun tograí úra a fhorbairt sa bhreis ar na cinn atá beartaithe cheana féin.”

 

Táthar ag dréim go gcuirfear idir 300 agus 400 aonad tithíochta sóisialta ar fáil faoi Chlár Ceannaithe Lándéanta na Comhairle i mbailte agus i sráidbhailte ar fud Dhún na nGall sna blianta beaga amach romhainn.

 

Le cois an Chláir Tógála Tithíochta tá 208 sealúchas ceannaithe ag an Chomhairle ó 2015 faoin Chlár um Tithe Aonair a Cheannach, arb ionann é agus infheistíocht de bhreis agus €25 milliún agus táthar ag dréim le tuilleadh a shealbhú sa bhliain úr.

 

Agus é ag cur fáilte roimh an Aire go Dún na nGall thug Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Séamus Ó Domhnaill, aitheantas don obair atá ar siúl ag Stiúrthóireacht Tithíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall mar chuid de Chlár Tithíochta Sóisialta na Comhairle.

 

“Is clár cuimsitheach oibre é seo agus tá lúcháir ormsa a bheith ag cur fáilte roimh an Aire Ó Murchú go Dún na nGall inniu le go bhfeicfidh sé an obair atá ar siúl ag an fhoireann tithíochta anseo i gComhairle Contae Dhún na nGall. Faoin chlár seo, tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall 298 aonad tithíochta sóisialta a thógáil, rud arb ionann é agus infheistíocht de bhreis agus €50 milliún. Lena chois seo, tá an Chomhairle i mbun Chlár Ceannaithe Tithe Lándéanta, clár a d’fhéadfadh cuid mhór tithe d’ardchaighdeán a sholáthar i mbailte agus i sráidbhailte ar fud an chontae sna blianta amach romhainn. Tá cur chuige ilghnéitheach i bhfeidhm ag an Chomhairle chun dul i ngleic leis an éileamh ar thithíocht shóisialta sa chontae”.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall Séamus Ó Conghaola go bhfuil an Chomhairle tiomanta chun tithíocht d’ardchaighdeán a sholáthar do mhuintir Dhún na nGall agus gur eisleamáirí iad na scéimeanna tithíochta atá á n-oscailt go hoifigiúil inniu den chaighdeán ard tithíochta atá á gcur ar fáil do theaghlaigh agus do dhaoine aonaracha ar fud an chontae.

 

“Bhí muid ardaidhmeannach inár gcur chuige chun dul i ngleic leis na dúshláin tithíochta atá romhainn i nDún na nGall. Ag croílár na dtithe seo tá na daoine iad féin a bhfuil cónaí orthu iontu, agus tá gach teach dár gcuid deartha leis an mhéid sin ar intinn againn. Tá na haonaid ar fad iontach éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, tá costais reatha ísle ag baint leo, agus freastalaíonn siad ar na riachtanais ar leith atá ag tionóntaí nuair is gá sin, agus tá siad deartha agus tógtha go dtí sonraíochtaí agus caighdeáin an-arda, de réir na dtreoirlínte tógála. Tá muid tiomanta chun na spriocanna agus na cuspóirí atá leagtha amach in Atógáil na hÉireann a bhaint amach agus chun leanúint orainn ag obair i gcomhpháirt leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, príomh-mhaoinitheoir an chláir tithíochta sóisialta.”

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO