Is é atá sa Bhraisle Artach – nó an Arctic Cluster sa Bhéarla – ná togra idir-réigiúnach ina bhfuil trí thogra eile (SECURE, EEBACK agus GrAB) agus cúig cinn déag de réigiúin chomhpháirtíochta ón Eoraip, Ceanada agus Cónaidhm na Rúise atá ag dul i ngleic le téamaí den chineál céanna agus le dúshláin chríche maidir leis na réitigh is fearr chun éifeachtúlacht agus in-anuaiteacht fuinnimh a bhaint amach i bhfoirgnimh.
Bhí an Bhraisle Artach páirteach i sraith d’imeachtaí éagsúla le linn an fhómhair agus an gheimhridh.
Bhí an togra braislithe seo páirteach i gcomhdhálacha éagsúla ábhartha a reáchtáil Clár Artach an Fhorimeall ó Thuaidh agus An Tras-Chlár Comhoibrithe Artach. Thug na hócáidí seo deis do na rannpháirtithe sa Bhraisle Artach eolas a mhalartú, tuairiscí ar dhul chun cinn a thabhairt, tógáil ar an obair chomhoibrithe, comhpháirtíochtaí úra a thoiseacht, dea-chleachtais fuinnimh a chomhroinnt agus sineirgí a aimsiú.
Bhí breis agus 100 rannpháirtí as tíortha éagsúla i láthair ag an ócáid ar an 6 agus 7 Samhain in Amharclann an Lappia-Talo in Rovaniemi (An Fhionlainn).
Cur i láthair ag Togra na Braisle Artaí in Rovaniemi, An Fhionlainn, i mí na Samhna
Cur i láthair ag comhdháil de chuid na Braisle Artaí in Inverness, Albain
Tá an dara glaoch maidir leis an Bhraisle Artach ar oscailt anois, tuilleadh anseo.
Teagmhálaí:
Ianire Renobales
Oifigeach Cumarsáidí Digiteacha ag ERNACT
+353 74916 8212
Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall, Éire
Tuilleadh eolais maidir le:
Comhoibriú Artach: http://www.interreg-npa.eu/arctic-cooperation/
An Bhraisle Artach: http://www.arctic-cluster.eu/
SECURE: http://secure.interreg-npa.eu/
EEBAK: http://www.lapinamk.fi/en/Cooperation/RDI/EEBAK
GrAB: https://en.uit.no/om/enhet/forsiden?p_dimension_id=210108