Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar gach úinéir maoine nach bhfuil an ÁCPN íoctha acu go fóill, é sin a chlárú agus a íoc roimh an 1 Meán Fómhair 2014.
Bhí an táille ÁCPN le híoc do na trí bliana idir 2009-2013 ar mhaoin chónaitheach nach raibh ina Áit Chónaithe Phríomha Phríobháideach i gContae Dhún na nGall.
Go dtí seo, tá thart fá 16,000 úinéir maoine i ndiaidh clárú agus íoc as an táille.
Seo mar a labhair Garry Martin, Stiúrthóir Airgeadais le Comhairle Contae Dhún na nGall, "is é an méid atá le híoc anois do na blianta 2009 - 2013, as an phríomh-tháille agus as táillí pionóis de bharr a bheith mall, ná €4,220. Ón 2 Márta 2014, níor cuireadh aon phionós íocaíochta, de bharr a bheith mall, leis an mhéid sin de €4,220 atá gan íoc go fóill, ach mar sin féin, ón 1 Meán Fómhair 2014 méadófar an méid sin de €4,220 go dtí €7,230, agus fágfar ag an mhéid sin é”.
Fágfar an méid sin de €7,230 mar tháille ar an mhaoin agus caithfear é a íoc sula ndéanfar an mhaoin a aistriú nó a dhíol.
Tá an tUas. Martin ag iarraidh ar gach úinéir maoine nár chláraigh, agus nár íoc, an táille ÁCPN go fóill é sin a dhéanamh roimh an 31 Lúnasa 2014.
Agus ar seisean "Tá Comhairle Contae Dhún na nGall go gníomhach i mbun úinéirí maoine, a bhféadfadh bille ÁCPN a bheith le híoc acu, a aithint trí shonraí a úsáid atá curtha ar fáil dúinn ag na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh muid ag leanúint agus ag fiosrú na dtáillí seo atá gan íoc go fóill".
Tá an Chomhairle i ndiaidh imeachtaí dlí a thoiseacht cheana féin i roinnt cásanna ina bhfuil an táille ÁCPN gan íoc go fóill.
Is féidir dul i dteagmháil leis an Aonad ÁCPN ar www.nppr.ie nó ar an ghuthán ar (074) 9153900.