Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > An BASE

An BASE chun tairbhe a bhaint as an Chiste Athbheochana agus Forbartha

The BASE

 

Ionad Fiontraíochta an BASE, Srath an Urláir.

 

Tá Ionad Fiontraíochta an BASE, Srath an Urláir chun tairbhe a bhaint as an Chiste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe faoi mar a d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring, TD inné.

 

Gheobhaidh an BASE maoiniú mar chuid den tionscadal DigiWest ar leithdháileadh €644,734 air chun Moil Dhigiteacha Oibre Tuaithe a bhunú ag ceithre láthair.  Is iad na láithreacha eile atá ann Tobar an Choire, Co. Shligigh, Tuilsce, Co. Ros Comáin agus Béal Átha na Muice, Co. Mhaigh Eo.

 

Is é Coimisiún Forbartha an Iarthair a rinne an tionscadal seo a fhorbairt i gcomhar leis na húdaráis áitiúla, ina measc Comhairle Contae Dhún na nGall.  

 

Ag labhairt dó i ndiaidh an fhógra chuir an Cl. Patrick Mac Gabhann, Cathaoirleach Cheantar Bardasach Shrath an Urlair fáilte roimh an nuacht á rá “is fógra iontach é seo don BASE inniu.  Tá an BASE i ndiaidh éirí ina lárionad le haghaidh forbairt shóisialta agus eacnamaíoch i Srath an Urláir agus i mBaile Féich agus cuirfidh sé go mór lena bhfuil le tairiscint aige nuair a bheas Mol Digiteach Oibre bunaithe istigh ann”. 

 

Cllr Patrick McGowan

An Clr. Patrick Mac Gabhann, Cathaoirleach CB Shrath an Urláir agus Stiúrthóir an BASE.

 

Lean sé air á rá “Tá an Mol Digiteach Oibre seo mar chuid den Phlean Gníomhaíochta Digiteach do Dhún na nGall atá á thionscnamh ag an Chomhairle agus a thug creat daingean straitéiseach leis an chlár oibre digiteach a leathnú amach fríd Dhún na nGall.  Is seachtain mhaith a bhí ann do Dhún na nGall Digiteach i ndiaidh an fhógra a rinne SIRO Dé Luain go dtabharfaí an cábla snáthoptaice go háitreabh agus an banda leathan go tithe agus gnólachtaí ar bhonn céimneach i se bhaile mhóra i nDún na nGall, Bealach Féich agus Srath an Urláir ina measc, agus anois an scéala seo ar mhaoiniú don tionscnamh tábhachtach seo sa  BASE.”

 

Ghabha an Clr. Mac Gabhann buíochas le Leigh Fairman, Bainisteoir an BASE agus le Brian Ó Baoill, Ceann Córais Faisnéise Chomhairle Contae Dhún na nGall as ucht a gcuid oibre ag aimsiú an airgid seo don Mhol Digiteach Oibre.

 

Is í an aidhm atá ag an Chiste Athbheochana agus Forbartha Tuaithe ceantair tuaithe na hÉireann a athnuachan trí thacaíocht a thabhairt do thionscadail fhéinchothaitheacha i mbailte móra agus i sráidbhailte a bhfuil daonra níos lú ná 10,000 duine iontu. 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO