Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > An áit is cúláilte ar domhan

An áit is cúláilte ar domhan á cur chun cinn

 

 

Promoting the Coolest Place on the Planet at the Holiday World Shows

Foireann Dhún na nGall ag an Seó Saoire Domhanda in 2016

 

 

 

Éiríodh go han-mhaith le Contae Dhún na nGall a chur chun cinn ag na Seónna Saoire Domhanda in 2016, agus ag leanúint uaidh sin beidh Turasóireacht Dhún na nGall Teo ag toiseacht amach arís ar obair mhór phoiblíochta i mí Eanáir 2017 don bhliain úr. 

 

Mar is eol do gach duine faoi seo, roghnaigh an National Georgraphic Traveller Dún na nGall mar 'An Áit is Cúláilte ar Domhan', liostaíodh an contae mar 'An Contae is Áille in Éirinn' ar an suíomh idirlín "Ireland Before You Die', agus tarraingíodh an-aird ar an chontae de bharr theacht an scannáin Star Wars go Cionn Mhálanna, chomh maith le roinnt tograí agus imeachtaí eile, agus beidh sé seo uilig ina chuidiú mór agus muid ag iarraidh níos mó cuairteoirí a mhealladh chuig an chontae in 2017.

 

 

In 2016, tháinig breis agus 61,000 cuairteoir chuig an Seó Saoire Domhanda i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath. Beidh na seónna ar siúl i mBéal Feirste idir 20-22 Eanáir agus i mBaile Átha Cliath idir 27-29 Eanáir, agus tugann sin deis iontach do Thurasóireacht Dhún na nGall Teo agus do sholáthraithe eile turasóireachta chun tús a chur leis an séasúr úr in 2017. Is féidir linn, trí mhargaíocht chomhpháirtíochta, Dún na nGall a chur i lár an aonaigh mar cheann de na cinn scríbe turasóireachta is mó éileamh ar domhan.

 

 

Beidh níos mó daoine ag freastal in 2017 agus beidh ionadaithe i láthair ón earnáil turasóireachta ar fud Chontae Dhún na nGall. Beidh Turasóireacht Dhún na nGall Teo agus Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair le chéile le gnólachtaí turascóireachta le Dún na nGall agus Slí an Atlantaigh Fhiáin i lár an aonaigh. I measc na n-ionadaithe turasóireachta atá ar bord tá Aimsigh Bun Dobhráin, Baile Dhún na nGall, Na Cealla Beaga - Tairseach go Sliabh Liag, Aerfort Dhún na nGall, Teach Solais Fhánada agus Turasóireacht Inis Eoghain.  

 

Beidh baill foirne ó Thurasóireacht Dhún na nGall Teo ar fáil ag an dá ócáid, ag a mbeidh deis ag an lucht soláthar turasóireachta a bheith páirteach i bhfeachtais margaíochta ar TV, ráidió, i bprionta, post díreach, meáin shóisialta agus go leor eile.

 

 

Tá muid iontach do na hurraithe atá ag cur duaiseanna tarraingteacha ar fáil, go háirithe Óstán Harvey's Point, Óstáin an Abbey agus Central i mBaile Dhún na nGall, Uiscebhus Chuan Dhún na nGall, Caisleán Dhún na nGall, Teach Solais Fhánada, Óstán Radharc an Chuain (Na Cealla Beaga), Aerfort Dhún na nGall, Fiontar 'Carr ar Cíos', agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.

 

 

Gabh chuig Go Visit Donegal, le do thoil, ar Facebook agus Twitter, le coinneáil suas le gníomhaíochtaí ag Seastán Dhún na nGall le linn Seó Saoire an Domhain.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO