Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > €750,000 ag Oibrithe Dóiteáin

€750,000 bailithe d’ospísí ag oibrithe dóiteáin

Donegal Firefighters

 

Tá breis agus €750,000 bailithe ag Comhraiceoirí Dóiteáin i nDún na nGall chun cuidiú le hOspís Dhún na nGall agus Ospís an Iarthuaiscirt le 14 bliana anuas tríd an bhailiúchán bhliantúil ó níochán carranna, agus beidh sé sin ar siúl arís Dé Sathairn.

 

Is é Cumann Comhraiceoirí Dóiteáin Dhún na nGall a reáchtálann an níochán carranna go bliantúil, i gcomhpháirt le Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall, agus beidh sé ar siúl in achan ceann de na 15 cinn de na stáisiúin atá le fáil ar fud Dhún na nGall, an dá oileán san áireamh. Arís eile, is ar son Ospís Dhún na nGall agus Ospís an Iarthuaiscirt a dhéanfar an bailiúchán.

 

Tá na Comhraiceoirí Dóiteáin iontach buíoch don phobal i gcoitinne atá iontach fial flaithiúil ina gcuid tacaíochta do na carthanais thábhachtacha seo.

 

Mar sin de, má tchíonn sibh baill foirne ón tSeirbhís Dóiteáin agus tú amuigh Dé Sathairn, bheimis buíoch daoibh ach tacú leis an chúis iontach fiúntach seo.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO